CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•LABHAIRT Aonad a Cúig Déag
31. Cén bhliain ina bhfuil tú ar scoil? 32. Cad iad na hábhair atá á ndéanamh agat? 33. Cad é an t-ábhar is fearr leat? (Cad iad na hábhair is fearr leat?) 34. An bhfuil aon ábhar nach maith leat? (Cad é an t-ábhar is measa leat?) 35. Cad a dhéanfá chun feabhas a chur ar an scoil? / dá mbeifeá i do phríomhoide? 36. An maith leat d’éide scoile? Déan cur síos ar d’éide scoile. (Inis dom faoi.) 37. Inis dom faoi ghnáthlá scoile. 38. An gceapann tú gur chóir deireadh a chur leis an éide scoil? 39. Ar chóir an éide scoile a athrú? 40. An athrófá an éide scoile? 41. Cad a cheapann tú faoi rialacha na scoile? 42. An bhfuil aon riail amaideach? 43. An athrófá aon riail? 44. Cé acu is fearr, scoileanna aonghnéis nó scoileanna measctha? 45. Cad a cheapann tú faoin gcóras oideachais in Éirinn? (Lth 427 Claoninsint) 46. Cad a cheapann tú faoi chóras na bpointí? 47. Cad ba mhaith leat a dhéanamh nuair a fhágann tú an scoil? 48. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d’Aire Oideachais?
Aonad 4: Ceol 49. Cén sórt ceoil a thaitníonn leat féin? 50. An seinneann tú aon uirlis? An gcanann tú? 51. Cén t-amhránaí/grúpa ceoil is fearr leat?
52. An raibh tú riamh ag ceolchoirm/féile cheoil? Inis dom faoi.* (Ba chóir freagra fada a ullmhú.)
53. An bhfuil aon sórt ceoil nach maith leat? 54. Ar sheinn tú riamh i gceolchoirm? 55. An gceapann tú go bhfuil drochthionchar ag ceol agus ag ceoltóirí áirithe ar dhaoine óga?
56. Ar chas tú riamh le ceoltóir cáiliúil?
Aonad 5: Na Meáin 57. An bhféachann tú ar an teilifís? 58. Cad iad na cláir is fearr leat? 59. An gcaitheann tú mórán ama ar an idirlíon? 60. An bhfuil tú ar Facebook nó ar shuíomh sóisialta eile? 61. Cad a cheapann tú faoin idirlíon mar áis? 62. An bhféachann tú ar an nuacht? 63. An léann tú nuachtáin nó irisí? 64. An éisteann tú leis an raidió? Cén stáisiún a n-éisteann tú leis? 65. An gceapann tú go bhfuil an iomarca cumhachta ag na meáin? 66. An bhféachann tú ar aon chláir ar TG4?