•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an Scrúdú Aimsir Fháistineach
Ag tús na haiste, is féidir a rá cad a bheidh tú ag labhairt faoi: San aiste seo labhróidh mé faoi …
féachfaidh mé ar … luafaidh mé … pléifidh mé an cheist tabharfaidh mé mo thuairim phearsanta féin ar an scéal Buntáistí agus míbhuntáistí
Pléifidh mé na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le… Tá súil agam go dtabharfaidh mé ábhar machnaimh daoibh...
go gcuirfidh mé ag smaoineamh sibh. Alt 2
San alt seo, is minic is féidir sainmhíniú a thabhairt ar fhocal nó ar choincheap i dteideal na haiste. Is féidir, freisin, cur síos a dhéanamh ar an bhfadhb mar atá.
• Cad go díreach is ciall le…? • Cad go díreach atá i gceist le…?
Is éard is ciall leis ná… Is éard atá i gceist le...ná…
• Ar an gcéad dul síos, labhróidh mé faoi… • Féach timpeall ort cuir ceist ar ... agus déarfaidh siad leat go... • Ní haon ionadh go (bhfuil an scéal mar atá) • Ní nach ionadh! • Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar an nuacht chun (méid na faidhbe seo a fheiceáil).
• Tá a fhios ag gach duine/tá a fhios ag gach mac máthar/tá a fhios ag madraí an bhaile/tá a fhios ag cách.
• De réir an taighde is déanaí/de réir na staitisticí/de réir na saineolaithe tá .../deir na saineolaithe go…
• Anuas air sin/chomh maith leis sin/mar bharr ar an donas/an rud is measa faoin scéal ná …
• Ar ndóigh ní féidir gan … a lua. • Tá an scéal níos measa anois ná mar a bhí riamh.
Alt 3
Má theastaíonn uait is féidir an taobh eile den scéal a thabhairt • Ach ar an lámh eile/ach ar an taobh eile den scéal • Caithfear a admháil go mbíonn dhá insint ar gach scéal. • Táid ann a deir go/nach bhfuil... • Ní chuirtear dóthain béime ar/cuirtear an iomarca béime ar... • Tá buntáistí/míbhuntáistí ag baint le... • Tá idir mhaitheas agus dhonas ag baint le...