•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Sé •FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
Cleachtadh éisteachta 3: Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
Anois éist leis seo agus freagair na ceisteanna.
(taisme = timpiste; millteanach tábhachtach = an-tábhachtach) 1. Cén fáth go raibh fuil de dhíth ó iníon dhuine amháin? 2. Cé mhéad duine a bheidh deonadh fola ag teastáil uathu uair éigin ina saol? 3. Cén fhaid a mhaireann aonad fola?
Rólghlacadh
Cum fógra teilifíse ag gabháil buíochais le deontóirí fola nó cum fógra a spreagfadh daoine chun fuil a thabhairt. Déan é a aithris don rang.
Féach ar na rudaí seo a leanas agus abair an bhfuil siad go maith nó go dona don tsláinte. Mar shampla: Tá tobac go dona don tsláinte/Tá torthaí go maith don tsláinte. (Muna bhfuil tú cinnte abair ‘Ceapaim go bhfuil...’ nó ‘Ní dóigh liom go bhfuil...‘ Is féidir ‘Nílim róchinnte’ nó ‘Braitheann sé’ a rá freisin).