•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an Scrúdú
Críoch • Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an gcaint seo • Bhain mise an-taitneamh as agus is lucht éisteachta iontach sibh. • Má tá aon cheist agaibh, bheinn an-sásta iad a fhreagairt • Go raibh míle maith agaibh as ucht éisteacht liom
Tá samplaí d’óráidí ar lth 224, 191 Scéal
Samplaí: Dílseacht/Bród/Cairdeas ‘Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’; ‘Is minic a bhris béal duine a shrón’
Is féidir spreagadh do scéal a fháil ó áiteanna éagsúla: • do chuimhní cinn féin: rud éigin a tharla duit féin. Cuimhnímid ar rudaí a bhí as an ngnáth – an bhfuil aon chuimhní agat ar d’óige/an bhunscoil/an Ghaeltacht?
• cuimhní do mháthar/d’athar: scéalta a chuala tú ó do mhuintir/do mhamó… • eachtra i nuachtán/iris: scéal éigin a chonaic tú sa pháipéar a mhúscail suim ionat
• duine neamhghnách ar bhuail tú leis I scéal maith bíonn:
(Tá dhá shampla mhaithe de scéal sa sliocht as Seal i Neipeal, lth 258 le Cathal Ó Searcaigh agus sa ghearrscéal An Gnáthrud, lth 317 Tá rogha ar an gcúrsa idir an dá scéal seo ach b’fhiú an dá scéal a léamh. Féach freisin ar an sliocht as leabhar Bhreandáin Uí Eithir An Nollaig Thiar, lth 12)
Suíomh: an áit a tharlaíonn an scéal. Is féidir cur síos ar áit/am/aimsir. An bhfuil sé suite taobh istigh nó amuigh?
Bhí sé ag éirí dorcha.../Maidin bhreá bhrothallach a bhí ann... Bhí an áit plódaithe le daoine./Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil.
Déan iarracht cur síos níos suimiúla a thabhairt. In áit ‘Bhí an ghaoth ag séideadh’ a scríobh, d’fhéadfá ‘bhí leoithne bhog bhrothallach gaoithe ag siosarnach tríd na gcrann’ nó ‘bhí an ghaoth ag réabadh na hoíche, ag feadaíl tríd an bhfuinneog’ a úsáid.
Ceacht
(a) Anois déan iarracht abairtí níos suimiúla a chruthú as: Lá breá a bhí ann
Oíche dhorcha a bhí ann Maidin fhuar a bhí ann ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 15 443 •FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
Seo an seánra is deacra ar fad! Ach tá daoine áirithe atá go maith ag insint scéalta. Tugtar dhá theideal sa rannóg seo: Seanfhocal nó Ainmfhocal Teibí.