• Go bhfuil dóthain bia sa domhan le 3,000 calra sa lá a thabhairt do gach duine beo. • Go bhfaigheann duine amháin bás leis an ocras gach 3.6 soicind. • Go bhfuil os cionn 840 milliún duine ocrach sa domhan. • Go gcaitear €1055 billiún ar fud na cruinne gach bliain ar airm agus ar chúrsaí míleata. • Go gcosnódh sé €19 mbilliún in aghaidh na bliana deireadh a chur le gorta agus míchothú ach ní chuirtear an t-airgead ar fáil.
• Go bhfuair os cionn 7 milliún bás le SEIF san Afraic cheana féin, agus táthar ag tuar go bhfaighidh 16 mhilliún bás den ghalar faoi 2020.
• Go bhfuil níos mó saibhris ag an seachtar duine is saibhre ar domhan ná mar atá ag an 41 tír is boichte ar domhan (ina bhfuil daonra de 546 milliún).
• Go bhfaigheann thart ar 10 milliún páiste faoi bhun cúig bliana d'aois bás gach bliain. • Go bhfuil leath de pháistí an domhain (1 bhilliún) beo bocht. • Go maireann os cionn 3 bhilliún duine (beagnach leath de dhaonra na cruinne) ar níos lú na $2.50 in aghaidh an lae
• Go bhfaigheann 1.8 milliún páiste bás gach bliain den bhuinneach, galar is féidir a leigheas go héasca.
Eolas Fánach
Sa bhliain 1963 bhí dhá aidhm ag Uachtarán Mheiriceá, J. F. Ó Cinnéide. Theastaigh uaidh duine a chur ar an ngealach, agus theastaigh uaidh deireadh a chur le gorta domhanda. D’éirigh leis an chéad aidhm a bhaint amach, ach tá daoine fós ag fáil bháis leis an ocras sa lá atá inniu ann.
Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine
‘Tá an ceart ag gach duine caighdeán maireachtála oiriúnach dá shláinte agus dá leasa féin agus dá chlann a bheith aige lena n-áirítear bia...’