Is minic a bhíonn an-ghrá ag daoine dá gceantar dúchais. An maith leatsa do cheantar dúchais? Léigh an dán seo a scríobh Máirtín Ó Díreáin faoina cheantar dúchais féin: Inis Mór, Árann, nuair a bhí sé ag fás aníos ann i dtús na haoise seo caite (Tá agallamh leis ar fáil ar YouTube). Ansin cum do dhán féin faoi do cheantar dúchais.
Mír 2.6 T17
An tEarrach Thiar
Fear ag glanadh cré De ghimseán spáide sa gciúnas shéimh I mbrothall lae: Binn an fhuaim San Earrach thiar
Fear ag caitheamh Cliabh dá dhroim
Is an fheamainn dhearg Ag lonrú
I dtaitneamh gréine Ar dhuirling bhán Niamhrach an radharc San Earrach thiar
Mná i locháin
In íochtar diaidh-thrá, A gcótaí craptha Scáilí thíos fúthu: Támhradharc sítheach San Earrach thiar
Toll-bhuillí fanna Ag maidí rámha, Currach lán éisc Ag teacht chun cladaigh Ar órmhuir mhall I ndeireadh lae; San Earrach thiar.