Na Meáin Chumarsáide Cleachtadh éisteachta 2: RnaG
Mír 5.3 T46
5
Éist leis an bpodchraoladh seo ó Raidió na Gaeltachta le Rónán Beo, 19 Bealtaine 2011 (an chéad dá nóiméad de) agus freagair na ceisteanna.
Ceisteanna 1. Cad é an duais atá le buachaint? 2. Conas is féidir é a bhuachaint? 3. An bhfuil tú in ann an seanfhocal a chríochnú?
4. Cad a chaithfidh tú a chur ag tús an téacs má bhíonn tú ag seoladh téacs ó na Sé Chontae?
5. Cad é an uimhir theileafóin ó na 26 Chontae agus ó na Sé Chontae?
Cleachtadh taighde Téigh go suíomh idirlín RTÉ agus téigh go leathanach Raidió na Gaeltachta. Faigh sceideal an lae, pioc clár amháin an duine agus éist leis. Sin nó is féidir éisteacht le podchraoladh ar an Idirlíon. Inis don rang faoin gclár. Tá cláracha eile ar nós Eureka agus iClub sa chartlann dírithe ar dhaoine óga. Bíodh freagraí ar na ceisteanna seo agat.
1. Cé a léirigh an clár? 2. Cad is ainm don láithreoir? 3. Cén sórt cláir é? 4. An raibh aon aoichainteoir ar an gclár? 5. Cén ceol nó cé na hamhráin nó na ceoltóirí a bhí ar an gclár? 6. Luaigh cúpla píosa eolais a d’fhoghlaim tú ón gclár. 7. Ar thaitin an clár leat? Cén fáth? 8. An molfá an clár? Cé hé an sprioclucht éisteachta don chlár? 9. An gceapann tú go bhfuil an clár oiriúnach do dhaoine óga agus cén fáth?