Cliamhain Tagann seo ón bhfocal ‘cleamhnas’ nó ‘cleamhnaithe’ a chiallaíonn gaolta trí phósadh. Fadó, dheintí ‘cleamhnas’ (match) do dhaoine. Shocraíodh na tuismitheoirí cleamhnas idir beirt daoine óga. Uaireanta ní bhíodh an dara rogha ag cailín ach an fear a roghnaigh a tuismitheoirí di a phósadh! Baineann an t-amhrán ‘Téir abhaile Riú’ le cleamhnas. (Tá sé le fáil ar YouTube). San amhrán, ní theastaíonn ón gcailín an píobaire a phósadh (‘Níl mo mhargadh déanta’) ach tá an cleamhnas déanta (pós an píobaire ‘s / Téir abhaile mar tá do mhargadh déanta’).
8 TUMADH TEANGA Daideo Uncail Aintín Colceathrar Sin-seanmháthair