Scríobh an sliocht i do chóipleabhar, ansin éist agus líon na bearnaí.
Chaith mé seachtain sa Phortaingéil i mbaile beag darb ainm Albufeira. Tá Albufeira _____ san Algarve, i _____ na tíre agus is ceantar mór _____ é. Bhí an aimsir go hálainn – _____ den chuid is mó, _____ lá amháin nuair a bhí sé ag cur báistí. Tá trá álainn ann agus go leor siopaí agus bialanna. Bhí sé _____ le turasóirí, rud nár _____ mórán liom ach _____, bhí scíth dheas agam agus bhí an-chraic ann _____.
Ceisteanna 1. Cá bhfuil Albufeira suite? 2. Cad nár thaitin leis an gcainteoir?
Mír 8.4 T15
An Téalainn 1. Cá bhfuil Chang Mai suite?
2. Cad é an duais iontach atá le buachtaint?
3. Cad a chaithfidh tú a bhailiú? 4. Cé na sonraí a chaithfidh tú a sheoladh?
5. Cad é an spriocdháta don chomórtas?
6. Luaigh rud amháin atá riachtanach le cur isteach ar an gcomórtas.
Cleachtadh scríofa
1. Scríobh alt faoin áit ina raibh tú ar saoire. Ní gá gur thar lear a bhí tú. 2. Tabhair roinnt fíricí faoin áit. Cá bhfuil sé suite? Cén sórt áite é? Cén daonra atá ann? Conas mar a bhíonn an aimsir ann? An bhfuil an tírdhreach go deas? Ar thaitin an tsaoire leat? Cad a thaitin leat/nár thaitin leat? Ar mhaith leat dul ann arís? Má tá grianghraif agat, tabhair isteach iad agus taispeáin don rang iad. Déan cur i láthair PowerPoint faoi. Is féidir na ceisteanna thuas a chur ar do chomhscoláirí.
3. Scríobh fógra do do rogha ceann scríbe ag moladh do dhaoine dul ann ar saoire. Tabhair sonraí agus eolas a mheallfadh daoine chun dul ann.