CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Cothrom na Féinne Eolas fánach
Is minic lámha agus cosa i ndeismireachtaí cainte. Féach ar na samplaí seo a leanas.
Duine ar leag Dia lámh air*/duine le Dia (duine le míchumas) Fuair sé an lámh in uachtar ar... (Bhuaigh sé ar, he got the upper hand) Is é an t-ábhar atá idir lámha ná… (being discussed/in hand) D’úsáid an rialtas an lámh láidir (force) chun an t-éirí amach a chur faoi chois (repress) Rinneadh cos ar bolg ar mhuintir na Téalainne (The Thai people were oppressed) Ar an lámh eile (on the other hand) D’imigh sé leis ar chosa in airde (he took to his heels) Lena chois sin (as well as that) Tá cos leis san uaigh (he has one foot in the grave) cois tine, cois farraige (by the fire, by the sea) lámh chúnta (a helping hand)
*Tugtar ‘duine ar leag Dia lámh air’ ar dhuine a rugadh le míchumas nó máchail. (Tabhair faoi deara gur cur síos dearfach é seachas ‘míchumas’, atá diúltach). Chreidtí fadó go raibh grá faoi leith ag Dia do dhaoine le míchumas agus dá bhrí sin gur leag sé lámh orthu agus b’shin é an chúis leis an máchail nó an difríocht. Ceapadh go raibh bua an leighis ag na daoine seo, agus is minic a bhíodh cill acu agus go dtagadh daoine ó chian is ó chóngar chucu chun leigheas a fháil. Samplaí is ea Cill Iníne Baoith i gCo. an Chláir (the church of the simple daughter), Cill an Chaoich i gCo. Bhaile Átha Cliath (the church of the blind one) agus Cill Mhantáin (the church of the toothless one).