Tá an dán seo cosúil le peannphictiúr d’Árainn. Tugann gach véarsa pictiúr osréalaíoch, idéalach dúinn de shaol a bhí ag meath fiú in aimsir Mháirtín Uí Dhireáin: saol traidisiúnta oileáin Árann. Is vignette é gach véarsa a mheallann an tsúil agus a thugann léargas dúinn ar an sórt saoil a bhí ar an oileán fadó: saol simplí le daoine ag cur glasraí, ag baint feamainne (d’úsáidtí feamainn mar leasú talún), ag bailiú sliogán, ag iascaireacht. Bhí muintir an oileáin féinleorga (self-sufficient). Tá sé suimiúil go bhfuil gluaiseacht nua ag iarraidh daoine a spreagadh lena gcuid bia féin a fhás arís: rotha mór an tsaoil, mar a deirtear i bhFraincis, ‘plus ça change, plus ç’est la même chose’!
Téama an dáin
Is é áilleacht an oileáin agus an tsaoil thraidisúnta ann is téama don dán seo. Cuireann an file ceithre phictiúr den oileán os ár gcomhair. Léiríonn na pictiúir seo an sórt saoil a bhí á chaitheamh ag muintir an oileáin. Feictear iad ag obair agus ag saothrú sa timpeallacht seo. Is minic a scríobh an file go ceanúil faoina áit dúchais agus ba é an difríocht idir an saol sin agus an saol a bhí aige i mBaile Átha Cliath ba théama do chuid mhaith dá dhánta.