•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hAon Déag Ceacht Freagair na ceisteanna seo le habairt iomlán (faigh eolas ón Idirlíon).
Mar shampla: Cad í an abhainn is faide in Éirinn? Is í an tSionainn an abhainn is faide in Éirinn. 1. Cad í an abhainn is faide san Eoraip? 2. Cad í an tír is mó san Eoraip? 3. Cad í an tír is lú san Eoraip? 4. Cad í an tír is mó ar domhan? 5. Cad í an tír is lú ar domhan? 6. Cad í an teanga is sine san Eoraip? 7. Cad í an teanga is sine ar domhan? 8. Cad é an mothúchán is láidre sa dán Géibheann? 9. Cad iad na mothúcháin is treise sa dán Colscaradh?
10. Cad í an íomhá is áille sa dán An tEarrach Thiar? 11. Cad iad na híomhánna is éifeachtaí sa dán Mo Ghrá-sa (idir lúibíní)? 12. Cad é an meafar is cumhachtaí sa dán Géibheann? 13. Cé hé/hí an lúthchleasaí is tapúla ar domhan? 14. Cé hé/hí an peileadóir is fearr ar domhan? 15. Cé hé/hí an dalta is fearr sa rang? 16. Cad é an tubaiste is measa dár tharla riamh? 17. Cad í an abhainn is faide ar domhan? 18. Cad í an tír is teo ar domhan? 19. Cad í an tír is boichte ar domhan? 20. Cad iad na tíortha is saibhre ar domhan?
Cleachtadh taighde
Faigh amach cad iad na 10 dtír is saibhre agus is boichte ar domhan agus bunaigh cur i láthair ranga air. Mar shampla: tá Éire níos saibhre ná an Aetóip; is é Meiriceá an tír is saibhre ar domhan; is í Poblacht an Chongó an tír is boichte ar domhan.