Léigh an sliocht seo a leanas agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis. Briseann an dúchas...
1. Ar ndóigh tá aithne ag glúin iomlán daltaí ar Mhaidhc Dainín Ó Sé óna leabhar A Thig ná Tit Orm atá ar chúrsa na hArdteistiméireachta anois le fada an lá. Dírbheathaisnéis greannmhar, spleodrach atá ann ina ndéanann Maidhc cur síos ar a óige i nGaeltacht Chiarraí sna daicheadaí agus sna caogaidí, an seal a chaith sé i Sasana agus níos déanaí i Meiriceá. Tugann an dírbheathaisnéis léargas cruinn beoga dúinn ar thréimhse staire corraitheach i Meiriceá sna seascaidí, nuair a bhí an ciníochas forleathan. Bhí Maidhc i Chicago le linn na gcíréibeanna i 1966 agus bhí bá aige leis an gcine gorm a d’fhulaing géarleanúint leis na cianta, cosúil leis na hÉireannaigh.
2. Rugadh Maidhc Dainín sa Mhuiríoch i nGaeltacht Chiarraí sa bhliain 1943. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin aige. Chaith a athair Dainín, tréimhse i Meiriceá
ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 27
agus bhí sé ina shaoránach Meiriceánach, ach tháinig sé ar ais go Gaeltacht Chiarraí chun clann a thógáil, díreach mar a rinne Maidhc féin nuair a phós sé: Briseann an dúchas trí shúile an chait. Cosúil leis an mbradán a snámhann na mílte míle ar ais chuig an abhann ar rugadh í chun a huibheacha a leagadh,