Rugadh Caitlín Maude agus Mícheál Ó hAirtnéide sa bhliain chéanna 1941, agus fuair an bheirt acu bás go hóg: Caitlín i 1982 den ailse agus Mícheál i 1999 toisc go raibh sé an-tugtha don ól. Rugadh Mícheál i gCromadh i gCo Luimnigh agus d’fhoghlaim sé Gaeilge óna sheanmháthair a bhí ina cainteor dúchais. Bhain sé cáil amach mar fhile sa Bhéarla ar dtús, ach sa bhliain 1975 rinne sé cinneadh scríobh i nGaeilge amháin. Rinne sé amhlaidh ar feadh deich mbliana. D’aistrigh sé dánta fhilí móra na Gaeilge go Béarla, ina measc Daithí Ó Bruadair agus Nuala Ní Dhomhnaill.
Caitlín Maude agus Mícheál Ó hAirtnéide
Nótaí ar an dráma Ceisteanna ar an gcéad léamh
1. Cad a cheapann tú faoi Mhicil? Cad a cheapann tú faoi Shéamas? 2. Déan liosta de na tréithe atá acu – tabhair fianaise ón dráma a léiríonn an tréith atá i gceist.
3. Cén carachtar is fearr leat? 4. Cad é do thuairim faoi Mhíoda? 5. Cén sórt gaoil atá idir Micil agus Séamas? 6. An bhfuil trua agat do Mhicil? Do Shéamas? Do Mhíoda? 7. Dá mbeadh ort lá a chaitheamh le pearsa amháin sa scéal, cé a roghnófá? Cad a déarfá leis/léi?
An cineál scríbhneoireachta
Is gearrdhráma é seo atá suite i nGaeltacht Chonamara, i dteach Mhicil. Tá beirt phríomhcharachtar agus beirt mhioncharachtar sa dráma. Tá an stáitse roinnte in dhá leath. Tá seomra leapa Mhicil ar thaobh amháin agus tá an chistin ar an taobh eile. Fanann Micil sa seomra leapa ó thús deireadh an dráma agus fanann Míoda sa chistin, ach téann Séamas ó sheomra go seomra. Is teicníocht éifeachtach é seo chun éiginnteacht Shéamais a chur in iúl.