•LITRÍOCHT•CAINT•FOGHRAÍOCHT•ALT•GRAMADACH•SCRÍOBH• Fócas ar an nGramadach
An Aimsir Fháistineach Cuirtear ‘go’ agus ‘nach’ roimh an mbriathar. Cuireann siad urú ar an mbriathar (+ n- roimh ghuta).
Is dócha go n-ardóidh an ráta cánach. Is dócha nach dtiocfaidh laghdú ar an ráta dífhostaíochta. Is léir go mbeidh ar dhaoine dul ar imirce arís.
Ceacht
Cuir ‘Is léir’, ‘Is dócha’, ‘Tá súil agam’, ‘Tá seans go’, nó frása eile roimh: 1. Rachaidh an scéal in olcas. 2. Éireoidh cúrsaí níos measa. 3. Tiocfaidh feabhas ar an scéal. 4. Cuirfear acmhainní ar fáil. 5. Ní ardóidh an ráta dífhostaíochta níos mó. 6. Gheobhaidh mé áit ar an gcúrsa sin. 7. Ligfidh mé mo scíth. 8. Saothróidh mé a lán airgid. 9. Caithfidh mé seal san Astráil.
10. Bainfidh mé céim amach san eolaíocht.
Athraíonn an Aimsir Fháistineach go dí an Modh Choinníollach tar éis ‘Dúirt sé’. Mar shampla: Tiocfaidh sé. Dúirt sé go dtiocfadh sé.
Ceacht
Cuir ‘Dúirt sé’ roimh gach abairt agus athraigh mar is gá: 1. Rachaidh sé abhaile amárach. 2. Cuirfidh sí fios ar an dochtúir. 3. Tiocfaidh feabhas ar an scéal de réir a chéile. 4. Cuirfear níos mó béime ar scileanna praiticiúla. 5. Déanfaidh sí a dícheall. 6. Gheobhaidh sé post samhraidh. 7. Caithfidh sé trí uair an chloig gach oíche ag staidéir. 8. Cuirfidh sé feabhas ar staid na tíre. 9. Ní thógfaidh lúthchleasaithe óga drugaí.
10. Ní fheabhsóidh an eacnamaíocht go ceann tamall fada. 14 ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 429