CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Sláinte agus Spórt
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT• Cúinne na fuaime
Lig ort gur tusa an léitheoir nuachta agus léigh an píosa nuachta ar lth 172 amach os ard. Bí cinnte go bhfuaimníonn tú gach séimhiú, urú, síneadh fada, agus na consain leathna agus chaola.
Cleachtadh éisteachta 2: Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
2. Cuireann Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann fuil ar fáil do na hotharlanna uilig ar fud na tíre, iad ag brath go mór ar chlinicí réigiúnacha le deontóirí úra a fháil – rud atá de dhíth go géar. Teastaíonn fuil ó mhíle duine gach seachtain ach níl ach 3% de phobal na tíre seo a thugann fuil agus caithfear freastal ar phobal de cheithre mhilliún.
Ceisteanna 1. Cad is ciall leis na focail aibhsithe? 2. Cén céatadán (%) de mhuintir na hÉireann a thugann fuil? 3. Cad a dhéanann na clinicí réigiúnacha?
4. Baineann na focail ‘de dhíth’ agus ‘uilig’ le canúint Dhún na nGall. Tabhair focail as canúintí eile a chiallaíonn an rud céanna. (Féach lth 463)
Cleachtadh scríofa 1. Tá gá le = tá; de dhíth = tá … ag teastáil Samplaí: Tá gá le fuil/tá fuil de dhíth/tá fuil ag teastáil seo.
2. Níl ach = there’s only. Sampla: Níl ach cúigear dalta sa rang. Scríobh 10 nabairtí ag úsáid an nath seo.