1. Aiste: Tá trí shórt aiste: • Aiste a phléann fadhb éigin (i.e coiriúlacht/athrú aeráide) • Aiste a phléann na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le rud (i.e. Is iontach an áis an Nua-theicneolaíocht )
• Aiste eolais, ag déanamh cur síos ar ábhar éigin (An tAontas Eorpach/Saol an Duine Óig)
Fráma don aiste nó alt nuachtáin/irise
Alt 1: Tús: San alt seo ba chóir do phointí go léir a thabhairt (mar sin caithfidh tú plean a dhéanamh ar dtús)> Cad a bheidh tú ag labhairt faoi i ngach alt)
Alt 2: Sainmhíniú: Uaireanta bíonn sé usáideach sainmhíniú a thabhairt ar fhocail i dteideal na haiste (na meáin/ daoine óga/ saibhreas) Is féidir freisin cur síos a dhéanamh ar an staid/mar atá faoi láthair/ ar an bhfadhb
Alt 3: Cúiseanna: leis an bhfadhb (nó buntáistí) Alt 4: Na hiarmhairtí (cad a tharlaíonn de bharr na faidhbe) (nó míbhuntáistí) Alt 5: Fuascailt na faidhbe/réiteach na ceiste (deileáil le míbhuntáistí) Alt 6: Alt scoir: achoimre ar do phointí/do thuairim féin/focal scoir
Foclóir ginearálta don aiste nó alt nuachtáin/irise Seo a leanas abairtí usáideacha don aiste agus don cheapadóireacht go ginearálta.
Alt 1: Tús: Abairtí oiriúnacha Abairtí oiriúnacha don chéad alt:
• Bhuail cúpla smaoineamh mé nuair a chonaic mé teideal na haiste seo. • Is fíor go bhfuil roinnt den fhírinne sa ráiteas seo, ach bíonn dhá insint ar gach scéal. • Caithfidh mé a rá go n-aontaím/nach n-aontaím leis an ráiteas seo. • Níl aon dabht ná go dtugann teideal na haiste seo ábhar machnaimh dúinn.