CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•LABHAIRT Aonad a Cúig Déag
Codarsnach t (dhá rud an-éagsúil: Géibheann: na teochreasa/an zú) • Tá codarsnacht láidir idir … agus… • Feicimid codarsnacht idir … agus … sa tríú véarsa. • Cuireann an chodarsnacht seo go mór le héifeacht an dáin. • Baineann an file úsáid éifeachtach as codarsnacht sa tríú véarsa. • Baintear úsáid as codarsnacht chun … a léiriú.
Atmaisféar (tá atmaisféar shuaimhneach ciúin sa dán An tEarrach Thiar)
• Cruthaíonn an file atmaisféar draíochtúil/scanrúil/diamhrach/bagrach. • Úsáideann an file (friotal/íomhánna…) chun atmaisféar (scanrúil/taitneamhach) a chruthú. Athraíonn an t-atmaisféar sa…
• Leantar leis an atmaisféar seo sa dara véarsa. • Treisítear an t-atmaisféar sa tríú véarsa, áfach… • Atmaisféar (míshuaimhneach, aithríoch) a chruthaítear sa dán seo.
Uaim (Alliteration) (dhá fhocal ag tosnú leis an litir chéanna: 'crainnte na coille') Is éard is uaim ann ná nuair a thosaíonn dhá fhocal nó níos mó leis an litir chéanna.
• Tá uaim le fáil in ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’: i bhfad ó bhaile/claíomh cinn • Feictear uaim in 'Éiceolaí': bean béal; piast ag piastáil • Úsáidtear uaim sa dán ‘An tEarrach Thiar’: caitheamh cliabh; dhá dhroim • Tá uaim le feiceál in 'Fill Arís': faobhar na faille • Baineann Pádraig Mac Suibhne úsáid as uaim sa dán ‘Colscaradh’ • 'A Chlann': bearna baoil; i bhfiacal bhur bhfáistine; bhur mbrionglóidí bhur mbealaí
Aicill Is é sin rím idir focal deiridh i líne amháin agus focal i lár líne eile.
Athrá (focal nó frása a rá arís: 'San Earrach thiar') Is é sin nuair a úsáideann an file an focal céanna arís agus arís eile.
Baineann an file úsáid éifeachtach as athrá chun atmaisféar éadrom (gealgháireach) a chruthú.