CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Ceathair Déag Ceacht
Déan abairtí le frása as A agus abairt as B. A
B
Is cosúil Is léir
Deirtear Is cinnte Is fíor
Is dócha Meastar Ceaptar
Tá sé soiléir
Creidtear go forleathan Samhlaítear dom
Déantar leatrom ar sheandaoine Téann daoine thar fóir leis an scéal
Caitheann daoine óga an iomarca ama ar an idirlíon Oibríonn múinteoirí go crua Tiocfaidh feabhas ar an scéal
Faigheann na mílte duine bás den ocras sa tríú domhan Cruthaíonn sé seo fadhbanna eile
Ní bhíonn aon rud le déanamh ag déagóirí Tá an ráta dífhostaíochta ag ardú Níl aon athrú tagtha ar an scéal
Itheann daoine go leor seacláide in Éirinn.
An Aimsir Chaite Cuirtear ‘gur’ agus ‘nár’ roimh an mbriathar. (ach amháin na 6 bhriathar thíos – cuirtear go/nach rompu siúd.)
Bhí: Dúirt sé go raibh/nach raibh Chonaic: Ceapaim go bhfaca/nach bhfaca
Chuaigh: Is fíor go ndeachaigh/nach ndeachaigh Rinne: Is dócha go ndearna/nach ndearna
Dúirt: Ceaptar go ndúirt/nach ndúirt Fuair: Deirtear go bhfuair/nach bhfuair
Caint dhíreach Tháinig méadú air.
Níor athraigh aon rud. Ceacht
Caint indíreach Is fíor gur tháinig méadú air. Tá sé soiléir nár athraigh aon rud.
Úsáid na frasaí a leanas chun abairt indíreach a scríobh: Is fíor, Is dócha, Ceaptar, Dealraítear, Dúirt sé, Dúradh, Is léir, Deirtear, srl.
Mar shampla: 1. Is fíor gur ardaigh an ráta dífhostaíochta.
1. D’ardaigh an ráta dífhostaíochta. 2. Cheannaigh go leor daoine dhá nó trí theach. 3. Maraíodh 230 duine ar na bóithre anuraidh. 4. Tháinig meath ar an eacnamaíocht. 5. Chonaiceamar an borradh agus fás a tháinig ar an nGaeilge. 6. Chuaigh an scéal in olcas. 7. Níor chuala sí an nuacht. 8. Chuir sé lámh ina bhás féin. 9. Fuair sí bás le hailse.
10. Bhí an fhadhb ag éirí níos measa. 428 TUMADH TEANGA