CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Sláinte agus Spórt
4. Tá sé fíordheacair an cineál seo meoin i measc na bhfear óg a athrú, mar go bhfuil an easpa eagla agus an ghaisciúlacht go smior iontu. An t-aon slí éifeachtach le dul i bhfeidhm orthu ná an carr a bhaint díobh má bheirtear orthu ag tiomáint go róthapa. Má thuigeann siad go bhfuil an baol sin ann, tá seans nach mbeidh an fonn céanna orthu dul thar an teorainn luais. Ba cheart, gan aon amhras, go mbeadh cead ag an nGarda Síochána carr a thógáil láithreach ó dhuine má tá sé ag sárú an dlí ar an mbóthar agus ag cur a bheatha féin agus beatha daoine eile i mbaol.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: dearcadh
níl aon fhaitíos
dul i gcion ar
An ghramadach i gcomhthéacs Faigh sampla den bhriathar saor agus den ainm briathartha.
5. Gan amhras, tarlaíonn go leor de na drochthimpistí ar chúlbhóithre nach mbíonn aon gharda le feiceáil orthu. Tá leigheas air sin fosta. Faoi láthair, bíonn ar na gardaí a bheith stoptha nó ag teacht ar chúl tiománaí agus iad ag úsáid ceamara luais le greim a fháil ar dhuine. I Meiricéa, áfach, oibríonn ceamaraí na bpóilíní fiú agus iad ag teacht i dtreo tiománaithe. Dá mbeadh an teicneolaíocht seo in úsáid ag na gardaí in Éirinn, chiallódh sé nach mbeadh a fhios ag na tiománaithe gasta cén uair a chasfaí na gardaí orthu. Tá go leor athruithe eile mar seo de dhíth san am atá romhainn le cinntiú go n-athrófar meon thiománaithe na hÉireann agus go mbeidh níos lú daoine ag siúl amach doras a dtí ar maidin agus gan é i ndán dóibh pilleadh go deo.