Léigh an sliocht seo agus faigh amach an bhfuil na focail le líne fúthu baininscneach nó fi rinscneach. Faigh dhá shampla den Tuiseal Ginideach.
Clár eile sa tsraith faisnéise faoi na pearsana a bhain Uachtaránacht na hÉireann amach. Abhcóide, ollamh dlí, agus Seanadóir ab ea Máire Mhic Róibín agus ba bheag duine a cheap go raibh seans aici in aghaidh Bhriain Uí Luineacháin i dtoghchán na hUachtaránachta.
An Tuiseal Ginideach Cad é?
Léiríonn sé úinéireacht. Tá sé cosúil le ’s i mBéarla nó ‘of’. mar shampla: The man’s hat: hata an fhir The map of Ireland: léarscáil na hÉireann Sa Ghaeilge, in áit of nó ’s athraíonn an focal féin.
Úsáidtear an Tuiseal Ginideach freisin 1. Nuair a úsáidtear ainmfhocal mar aidiacht: Mar shampla: Múinteoir fraincíse clár teilifíse
2. Tar éis an ainm bhriathartha, .i. ag déanamh Mar shampla: ag tógáil tí
Domhnach Cásca ag lorg oibre ag déanamh agóide
3. Úsáidtear an Tuiseal Ginideach tar éis na réamhfhocail seo a leanas: ar chúl (an tí) ar feadh (na hoíche) ar aghaidh (na trá) ar fud (na háite) ar son (na cúise) de réir (an údair) le linn (an chogaidh)
i rith (na bliana) os comhair (na scoile) i gcomhair (an lóin) i lár (an lae) in aice (na tine) i measc (an aosa óig)
Ceacht 1
Féach ar na focail idir lúibíní thuas agus cuir i ndá cholún iad: focail a thógann ‘na’ sa tuiseal ginideach agus focail a thógann ‘an’. Cad é an difríocht eile idir an dá ghrúpa sa tuiseal ginideach? An bhfuil pátrún le feiceáil?
Ceacht 2 Léigh an píosa seo agus pioc amach na focail atá sa tuiseal ginideach.
Beidh clár nua ar an teilifís faoi stair na hÉireann, ag féachaint ar shaol na ndaoine i rith an Ghorta Mhóir. Is é Brian Ó Sé léiritheoir an chláír agus beidh sé ag caint leis an tráchtaire teilifíse, Siún Ní Bhroin, faoi ar Nuacht TG4 anocht. Beidh rásaí na gcapall ar siúl ag deireadh na míosa agus beidh agallamh á chur ar úinéir an stábla i mBaile an Teampaill faoi rogha na coitiantachta i rás Dhomhnach Cásca.