•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hOcht Ceacht 1
Scríobh na habairtí seo a leanas san Aimsir Fháistineach. 1. (Bí) sé ag cur báistí amárach. 2. Mol an óige agus (tar) sí. 3. (Téigh) mé go dtí an Fhrainc an samhradh seo chugainn. 4. Fan go (inis) mé duit cad a dúirt sí. 5. (Imir/muid) in aghaidh foireann Chora Finne an Satharn seo. 6. (Faigh) Ciarraí an bua ar Chorcaigh, ceapaim. 7. Ní (faigh) tú marcanna arda muna n-oibríonn tú go crua. 8. (Cuir) mé glao ort anocht. 9. (Feic) mé thú amárach.
10. (Tabhair) mé m’uimhir ghutháin duit. Ceacht 2
Cuir san Aimsir Fháistineach an t-alt seo a leanas (tosaigh le ‘An deireadh seachtaine seo chugainn ...’).
An deireadh seachtaine seo caite, chuaigh mé go Luimneach ag siopadóireacht ar an Satharn. D’éirigh mé go luath agus thóg mé an traein le mo chara, Fionn. Nuair a shroicheamar Luimneach bhí cupán caifé againn sula ndeachamar chuig na siopaí. Cheannaigh mise bróga peile agus fuair Fionn bríste agus geansaí nua. Thángamar abhaile níos déanaí agus d’fhéachamar ar scannán an oíche sin. Bhí cluiche peile againn ar an Domhnach in aghaidh Chill Airne. Bhuamar an cluiche, ar ndóigh! Ansin tráthnóna Dé Domhnaigh rinne mé m’obair bhaile.
Ceacht 3 Cad a dhéanfaidh tú an samhradh seo chugainn?
_____ mé na scrúduithe ar an Máirt agus mise á rá leat go mbeidh áthas an domhain orm bheith saor ón staidéar! _____ mé amach le mo chairde ag ceiliúradh agus _____ mé mo scíth ar feadh tamaill. _____ mé go breá bog é. Ach caithfidh mé airgead a thuilleamh, mar sin _____ mé post, le cúnamh Dé, i mBaile Átha Cliath, agus _____ mé a lán airgid. _____ mé ar saoire le mo chlann i mí Lúnasa. _____ ag dul go Meiriceá. Tá mé ag tnúth go mór leis. _____ mé an-taitneamh as an samhradh agus an tsaoirse a bhaineann leis!
Ullmhú don scrúdú béil
Anois tóg na ceisteanna a chuir an t-agallóir ar Eoin agus scríobh do fhreagraí féin orthu agus déan cleachtadh orthu sa rang ag obair leis an duine in aice leat. Tabhair do fhreagra féin ar Cheacht 1 agus Ceacht 2 thuas – scríobh é i do chóipleabhar Gaeilge Labhartha.