CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•LABHAIRT Aonad a Cúig Déag
Caint ag spreagadh do chomhscoláirí (Aonad 7) Foghlaim agus úsáid na nathanna seo:
• Ní amháin sin… • Tá sé fite fuaite i… • Ba mhór an trua é dá (gcaillfí…) • Ba chóir dúinn bheith bródúil as (ár dteanga dhúchais) • níos mó ná mar a bhí riamh… • Ní gá ach… (éisteacht/féachaint … chun méid na faidhbe seo a fheiceáil) • Mar a deir an seanfhocal, nI troimide an cholainn an léann. • Tá dul chun cinn mór déanta (le fiche bliain anuas)… • Tá méadú mór tagtha ar… • Lasmuigh den/taobh amuigh den… • Tá tóir ar (bealach chun popular a rá: tá tóir ar an albam sin) • Tá borradh agus fás tagtha ar… • Tá go leor rudaí gur féidir a dhéanamh… • D’fhéadfá = is féidir leat • Ní neart go cur le chéile… • Má dhéanann gach duine a chuid… (tiocfaidh feabhas ar an scéal)
Aiste 5: An foréigean in Éirinn sa lá atá inniu ann (Aonad 10) Foghlaim agus úsáid na nathanna seo:
• Caithfear a admháil go… • (Níl) aon laghdú ag teacht ar… • Tabharfaidh mé staitisticí a léiríonn méid na faidhbe. • Sa tsochaí… • Caithfear féachaint ar an bhfianaise atá ann. • An rud is measa faoin scéal ná go… • Ní bhíonn aon leisce orthu… (an lámh láidir a úsáid) • Is in olcas atá an scéal ag dul. • Tugtar drochíde do… (déantar dúshaothrú ar…) • Is minic a chloistear ar an nuacht faoi… • Nó níos measa fós… • Mar a deir an seanfhocal, níl sprid ná púca nach bhfuil fios a chúise aige. • Ní hé sin/is é sin bun agus barr an scéil. • Tá baint nach beag ag … le • Leanann an fáinne fí… • Téann daoine i muinín… (an fhoiréigin/na ndrugaí) • Caithfear dul i ngleic le… • Is ceist chasta í agus níl aon réiteach amháin uirthi. • Ba chóir cur ina luí orthu…/ceapaim féin gur chóir… • Lena chois sin… • An lámh láidir… • Is iomaí slí chun muc a mharú seachas é a thachtadh le him.