I gcás briathra débhríocha a chríochnaíonn le -ir, -is, -il, baintear na gutaí ón dara siolla agus cuirtear -íonn leis:
Inis: insíonn Ceacht 2
oscail: osclaíonn
Scríobh amach agus úsáid an fhoirm cheart den bhriathar. Cad a dhéanann tú de ghnáth ag an deireadh seachtaine?
(Éirigh) mall ar an Satharn agus (bí) bricfeasta agam ar mo shuaimhneas. (Déan) roinnt obair tí agus ansin (téigh) isteach sa bhaile agus (buail) le mo chairde. (Téigh) ag siopadóireacht agus (ceannaigh) éadaí nó dlúthdhioscaí. (Bí) ag obair uaireanta sa tráthnóna ach muna mbím ag obair (téigh) amach le mo chairde nó féachaim ar an teilifís. Ar an Domhnach (téigh) ar Aifreann agus ina dhiaidh sin téim ag traenáil le m’fhoireann peile. Uaireanta (tar) mo sheanmháthair ar cuairt chugainn. (Cabhraigh) le mo mháthair an dinnéar a ullmhú agus (déan) m’obair bhaile sa tráthnóna.
Scríobh do fhreagra féin ar an gceist. ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 95