•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hOcht
Ceisteanna 1. Luaigh rud amháin atá ag athrú sa Trasalváin sa Rómáin. 2. Déan cur síos ar dhá nós a bhaineann leis an mbás i Geoagiu de Sus.
3. Cathain a lonnaigh pobal Gearmánach i Sibiu? Cén rian díobh atá fágtha sa cheantar?
4. Luaigh na rudaí a léiríonn go bhfuil an saol ‘fós mar a bhíodh fadó’. 5. Cad iad na míbhuntáistí a bhaineann leis an saol sean-aimseartha seo, de réir an údair?
6. Faigh oiread samplaí agus is féidir leat den Tuiseal Ginideach. 7. Déan taighde ar an Rómáin agus an Trasalváin. Déan cur i láthair sa rang ar an ábhar a d’aimsigh tú.
8. Luaigh na difríochtaí idir an saol sa Rómáin agus an saol in Éirinn. 9. Cén sort duine é an t-údar, dar leat? Faigh fianaise a thacaíonn le do thuairim agus cuir torthaí an taighde i láthair an ranga.
An ghramadach i gcomhthéacs
Tíortha agus teangacha Focail bhaininscneacha: Tuiseal Ginideach (Féach lth 431)
Tá an chuid is mó de thíortha agus de theangacha an domhain baininscneach.
Tá na tíortha seo a leanas firinscneach: Ceanada, Sasana, Meiriceá (agus ceann de theangacha na dtíortha sin, Béarla)
Mar shampla: an Fhrainc Éire
an Ghearmáin Ach Ceanada
an Spáinn an tSín* an Iodáil
an Pholainn
an Ghearmáin *Féach lth 5
254 TUMADH TEANGA
muintir Cheanada/ Shasana
iarthar na Spáinne muintir na Síne lár na hIodáile
an Béarla
Spáinnis Sínis
Iodáilis
bratach na Polainne Polainnis mná na Gearmáine
Gearmáinis múinteoir Béarla
rang Spáinnise múinteoir Sínise rang Iodáilise
ceacht Polainnise dán Gearmáinise
muintir na Fraince an Fhraincis
muintir na hÉireann an Ghaeilge muintir na Gearmáine an Ghearmáinis
múinteoir Fraincise Foras na Gaeilge rang Gearmáinise