Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do phríomhoide ar do scoilse? N.B. I would… -finn nó -eoinn
Dá mbeinn i mo phríomhoide, thabharfainn níos mó saoirse do dhaltaí, go háirithe daltaí sinsearacha. Níl sé ceart go mbeadh na rialacha céanna ann do dhaltaí sa chéad bhliain agus do dhaltaí sa séú bliain. Thabharfainn cead do dhaltaí sinsearacha dul suas an baile ag am lóin. Chuirfinn feabhas ar na háiseanna. Níl halla spóirt ceart sa scoil, mar shampla. Chuirfinn deireadh le roinnt rialacha amaideacha. Bheadh cead ag daltaí buataisí a chaitheamh. Dhéanfainn infheistíocht i dtrealamh nua spóirt agus thógfainn halla nua.
Anois scríobh do fhreagra féin ar an gceist i do chóipleabhar Gaeilge labhartha. Ceacht 2
Scríobh na habairtí seo i do chóipleabhar agus cuir an leagan ceart den bhriathar isteach. Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do thaoiseach?
Dá mbeinn i mo thaoiseach (cuir) níos mó post ar fáil. (Déan) infheistíocht i gcomhlachtaí beaga Éireannacha ar fud na tíre agus (tabhair) níos mó airgid do scoileanna agus d’ospidéil. (Cuir) iallach ar dhaoine ar ioncam ard níos mó cánach a íoc agus (laghdaigh) an cháin do dhaoine ar ioncam íseal. Freisin (úsáid) níos mó fuinnimh in-athnuaite.
Anois scríobh do leagan féin den cheist chéanna. Ceacht 3
Cad a dhéanfása? An athrófá aon rud i do scoilse? Úsáid na briathra seo a leanas. Chuirfinn deireadh le Chuirfinn iallach ar Thógfainn
Dhéanfainn Cheannóinn D’athróinn
Chuirfinn … ar fáil Ceist a chur
Tá dhá bhealach chun iarraidh ar dhaoine rud éigin a dhéanamh: an bealach díreach agus an bealach ‘béasach’.
Mar shampla:
Díreach: ‘Dún an doras.’ (Shut the door.) Béasach: ‘An ndúnfá an doras?’ (Would you shut the door?)
Ceacht 4
Athraigh an leagan díreach go dtí an leagan béasach anseo. 1. Oscail an fhuinnneog. 2. Tabhair dom an peann. 3. Faigh an leabhar. 4. Téigh go dtí an oifig. 5. Cuir sa bhosca é.
6. Tar liom. 7. Cabhraigh liom. 8. Inis dom cén fáth. 9. Ith suas do dhinnéar. 10. Déan d’obair bhaile.