•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Sé
3. Is iad na fir óga an dream is mó a chailleann a mbeatha ar bhóithre na hÉireann. Idir 1997 agus 2000 ba iad earráidí tiománaithe ba chúis le 81% de na timpistí ar maraíodh daoine iontu, agus ba fhir óga idir 18 agus ceithre bliana is fiche 24% den dream a rinne na hearráidí sin. Léiríonn staitisticí an Údaráis um Bhóithre Náisiúnta go bhfuil seans 7.7 níos airde ann gur fir óga, seachas aicme ar bith eile, a bheas páirteach i dtimpiste ina marófar daoine nó ina ngortófar daoine go dona.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: botúin
grúpa
a fhaigheann bás An ghramadach i gcomhthéacs Faigh dhá shampla den saorbhriathar san Aimsir Fháistineach (féach lth 205).
Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha. Creideann siad go bhfuil gach rud faoi smacht acu agus, ní amháin sin, ach gurb iad na tiománaithe is fearr ar domhan iad. Is minic chomh maith a bhíonn tionchar ag cairde atá ar comhaois leo ar a n-iompar, agus is minic a bhíonn siad ag iarraidh meas a ghnóthú trí bheith ag tiomáint go gasta agus go mífhreagrach.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: baol
piarghrúpa An ghramadach i gcomhthéacs
Faigh dhá shampla den Aimsir Láithreach agus sampla de shárchéim na haidiachta (féach lth 339).