Saol na hOibre Scrúdú béil: agallamh: ag fágáil na scoile (Ciara)
Mír 9.8 T32
Éist leis seo. Agallóir
Ciara
Agallóir Ciara
Agallóir Ceisteanna
1. Cad ba mhaith léi a dhéanamh? 2. Cad a rinne sí san idirbhliain? 3. Cén áit ar mhaith léi dul ag déanamh staidéir ar ailtireacht? 4. Scríobh síos na nathanna aibhsithe agus cum do chuid abairtí féin leo.
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
Mír 9.9 T33
Fiachra
Scrúdú béil: agallamh: ag fágáil na scoile (Fiachra) Éist leis seo. Agallóir
Inis dom, a Chiara. Céard ba mhaith leat a dhéanamh nuair a fhágann tú an scoil?
Ba mhaith liom bheith i m’ailtire. Tá an-suim agam ann agus is breá liom dearadh agus ealaín. Chaith mé seal ar thaithí oibre le hailtire san idirbhliain agus thaitin sé go mór liom.
Agus cá mbeidh tú ag dul chun cáilíocht a bhaint amach san ailtireacht?
Teastaíonn uaim dul go dtí an Institiúid Teicneolaíochta i mBaile Átha Cliath. Tá cúrsa an-mhaith ansin. Tá súil agam go bhfaighidh mé na pointí le dul ann.
Táim cinnte go bhfaighidh.
Inis dom, a Fhiachra, cad atá i gceist agat a dhéanamh amach anseo, nuair a fhágann tú an scoil?
Ba mhaith liom bheith i mo shiúinéir. Tá sé i gceist agam dul go dtí an coláiste adhmadóireachta i Leitir Fraic i gConamara agus cúrsa dearadh agus déantúsaíochta troscán a dhéanamh. Cúrsa céime trí bliana atá ann, ansin is féidir dul ar aghaidh agus bliain eile a dhéanamh chun céim onóracha a bhaint amach. Ba mhaith liom troscán d’ardchaighdeán a dhearadh agus a tháirgeadh. Bhí spéis agam riamh san adhmadóireacht ó bhí mé i mo bhuachaill óg. Is siúinéir é m’athair agus bím ag cabhrú leis go minic.
Agallóir Fiachra
Ar fheabhas. Briseann an dúchas trí shúile an chait, ní foláir! Cinnte. Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú!
Ceisteanna 1. Cén sórt céime ba mhaith le Fiachra a dhéanamh? 2. Cad ba mhaith leis a dhéanamh? 3. Cad atá i gceist leis an dá sheanfhocal?
4. Scríobh na nathanna aibhsithe i do chóipleabhar agus déan iarracht iad a úsáid i do chuid freagraí.