ard cathrach, shíl sé ansiúd ina áras spéire gur colmán a bhí ann ó dhúchas.
Ó saolaíodh é ba é an seachtú hurlár – crochta ansiúd idir an saol is an tsíoraíocht – a bhaile agus a bhuanchónaí.
Ní fhaca sé a mhacasamhail féin ariamh, cat dá dhéanamh, dá dhath, dá dhreach. Ní fhaca sé ach daoine agus colmáin ar a aoirdeacht.
Shíl sé ar dtús gur duine a bhí ann,
gur ionann dó ina dhóigh agus ina chosúlacht leo siúd ar dhá chois a bhí ina thimpeall. Chuirfeadh sé naipcín fána bhráid agus shuíodh sé ag an mbord go béasach le greim bídh a ithe le lánúin óg an tí. Ní raibh de thoradh air sin ach scread eitigh. Thógfaí ar shiúl é láithreach
agus dhéanfaí prácás bídh as canna stáin a shá go míbhéasach faoina shoc.
Is minic a shuíodh sé ina aonar
ar leac na fuinneoige, ag féachaint ar na colmáin nach dtiocfadh ina láthair. Amanta theastaigh uaidh téaltú chucu go ciúin, súgradh leo go binn;
a chrúb a chur iontu ar son grinn. Ar na laethe úd a mhothaíodh sé dáimh as an ghnáth leis na colmáin, bheadh iontas an domhain air nach ndéanfadh siad cuideachta leis i dtráth ná in antráth