•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Sé •FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT• Gasúir ag éirí níos raimhre
Tá mórán cainte le tamall anuas ar mhinicíocht an mhurtaill i measc daoine óga. Is cosúil go bhfuil fianaise ann go bhfuil gasúir i gcoitinne ag éirí níos raimhre, a bhuíochas sin ar an smailcbhia a bhíonn á n-ithe acu, mar aon le heaspa aclaíochta. Tá an tAire Sláinte i ndiaidh labhairt amach faoi agus a rá gur gá gníomhú leis an ráta raimhre a smachtú agus a laghdú. Níl a fhios agam cén saghas plean atá ag an Aire, ach mar thús, d’fhéadfadh sé iarraidh ar an Aire Oideachais féachaint ar staid an chorpoideachais sna bunscoileanna agus ar an mbealach nach ndéanann an státchóras freastal ar ghasúir na tíre, dar le suirbhéanna éagsúla. D’fhéadfadh na staitisticí seo a leanas a foilsíodh le déanaí a bheith ina gcúnamh agus sin á dhéanamh:
• Níl halla spóirt ag 75% de bhunscoileanna na tíre. • Níl páirc imeartha ag breis is 45% de bhunscoileanna na tíre. • Níl teacht ar linn snámha i gcás 400 bunscoil.
• Faigheann daltaí faoi bhun uair a chloig de chorpoideachas in aghaidh na seachtaine i 25% de na scoileanna.
• I gcás breis is leath de na scoileanna, níl áis spóirt faoi dhíon de shaghas ar bith acu. Bunaithe ar alt as Beo! le Colm Mac Séalaigh
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn: lack of
published the state of...
there is need for action The Minister for Education generally
junk food recently
more than half
Ceisteanna 1. Cén fhadhb atá ann i measc an aosa óig? 2. Cad a léiríonn an fhianaise? 3. Tabhair dhá chúis leis an méadú atá tagtha ar fhadhb an mhurtaill. 4. Conas is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb?