•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Cúig Fíricí faoin bhfile http://www.educate.ie/próifíl Ar líne 3:45pm
Is i Lancashire i Sasana a rugadh Nuala Ní Dhomhnaill ach chaith sí cúpla bliain i gCorca Dhuibhne lena haintín nuair a bhí sí óg agus ansin chuaigh a clann chun cónaithe in Aonach Urmhumhan i gCo. Thiobraid Árann. Chuaigh sí go meánscoil chónaithe i gCnoc na Labhráis i Luimneach agus rinne sí céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla in Ollscoil Chorcaí. Phós sí fear as an Tuirc agus chuaigh siad chun cónaithe san Ollainn agus ansin sa Tuirc ar feadh seacht mbliana. Nuair a d’fhill sí ar Éirinn sna hochtóidí, d’fhoilsigh sí a céad chnuasach filíochta An Dealg Droighin. Tá go leor cnuasach eile filíochta foilsithe aici agus tá a cuid filíochta aistrithe go Béarla ag Séamus Heaney, Michael Longley, Paul Muldoon agus Michael Hartnett. Tá sí ina ball d’Aosdána agus ceapadh í mar ollamh filíochta na hÉireann sa bhliain 2001. Is duine de mhórfhilí na hÉireann í.
Nuala Ní Dhomhnaill
Nótaí ar an dán Téama
Is é an grá is téama don dán seo. Ní hé grá mór, rómánsúil na bhfilí atá ann, ach an grá simplí, nádúrtha, laethúil a bhíonn idir ghnáthlánúin. Tá an grá sa dán réadúil, tíriúil ach fós beo agus buan.
Mothúcháin
Tá grá agus gean le brath sa dán. Is maith leis an bhfile a stór cé go bhfeiceann sí nach bhfuil sé foirfe. Tá greann magúil lárnach don dán chomh maith.