CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIR Deis comhrá
Cúrsaí Scoile
3
Déan plé ar an éide scoile i do scoilse. Ar chóir fáil réidh le héide scoile ar fad? Cad a cheapann tú? Déan liosta de bhuntáistí agus de mhíbhuntáistí a bhaineann le héide scoile. Féach ar na samplaí thíos.
Buntáiste
Ní gá duit smaoineamh ar cad a chaithfidh tú gach lá.
Sábhálann sé airgead ar thuismitheoirí. Bíonn gach dalta ar comhchéim.
Míbhuntáiste
Ní féidir le daltaí a bhféiniúlacht a léiriú. Ní réitíonn sé daltaí do shaol na hoibre.
Ní bhíonn deis ag daltaí a stíl éide féin a fhorbairt.
Freagair na ceisteanna seo a leanas i do chóipleabhar Gaeilge labhartha.
Ceisteanna 1. An maith leat d’éide scoile? 2. Déan cur síos ar d’éide scoile. 3. An gceapann tú gur chóir deireadh a chur le héide scoile? 4. Ar chóir an éide scoile a athrú?