CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Mo Cheantar Ceacht 2
Léigh an sliocht agus tabhair faoi deara cathain a usáidtear ‘tá’ agus cathain a úsáidtear ‘bíonn’. Pléigh cad é an difríocht eatarthu.
Eolas fánach
Nuair a thosaigh muintir na hÉireann ag labhairt i mBéarla, ní raibh aon aimsir cosúil le ‘bíonn’ sa Bhéarla, mar sin, thosaigh siad ag rá ‘does be’ chun an aimsir seo a chur in iúl: ‘It does be always raining’; ‘He doesn’t be paying attention’; ‘She does be always giving out’. Tugtar ‘Hiberno-English’ air seo (an Béarla a labhraítear in Éirinn). Bhain an dramatóir John Millington Synge úsáid as struchtúir mar seo ina chuid scríbhneoireachta.
Ceisteanna
1. Cad atá i gceist le ceantar ‘Chois Fharraige’? 2. Luaigh difríocht amháin atá le feiceáil sa cheantar le scór bliain anuas. 3. Ainmnigh trí áit ina labhraítear Gaeilge sa cheantar. 4. Cén fáth a mbíonn sé deacair staid na Gaeilge a thomhas i monarcha? 5. Cad é an t-athrú atá tagtha ar an saghas fostaíochta atá ar fáil sa cheantar? 6. Cén sórt traidisiúin atá ag Scoil Sailearna?
Cleachtadh éisteachta: mo cheantarsa
Mír 2.2 T13
Mír 2.3 T14
Mír 2.4 T15
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
Éist leis an taifeadadh agus freagair na ceisteanna seo a leanas. Cainteoir 1 1. Cén sórt ceantair ina bhfuil Ciarán ina chónaí? 2. Cad iad na háiseanna atá ann do dhéagóirí?
Cainteoir 2 1. Cá bhfuil Deirdre ag fanacht? 2. Abair rud amháin nach dtaitníonn léi faoin áit. 3. Cad a dhéanann sí ag an deireadh seachtaine?
Píosa nuachta 1. Cár tharla an dúnmharú? 2. Cén fáth a raibh deacrachtaí ag na seirbhísí tarrthála? 3. Cad ba chóir do thábhairneoirí a dhéanamh, dar leis an nGarda Ó Néill?