Aonad a hOcht Cleachtadh éisteachta 2: An tAontas Eorpach
Mír 8.7 T18
Parlaimint na hEorpa 1. Cén buntáiste breise atá ag daoine le hardchaighdeán sa Ghaeilge san Aontas Eorpach?
2. Cé a fuair an post mar Choimisinéir Taighde agus Nuálaíochta?
3. Cén chomhairle a chuirtear ar chéimithe?
4. Cén fáth ar féidir an Ghaeilge a úsáid anois san Aontas Eorpach?
5. Cá háit ar féidir tuilleadh eolais a fháil?
Foclóir earcaíocht recruitment
fleiscín hyphen líofa fluent foinse source
Clár oideachais agus traenála an Aontais Eorpaigh Scríobh amach agus líon na bearnaí
_____ a thugtar ar chlár oideachais agus traenála an Aontais Eorpaigh agus cuireann sé ar chumas mic léinn bliain a chaitheamh in ollscoil i dtír eile den Aontas. Tugann sé deis freisin do ________ idir institiúidí agus ollscoileanna ar fud na hEorpa.
Tá go leor buntáistí ag baint le tréimhse a chaitheamh thar lear. _____ an mac léinn teanga eile, ar ndóigh, ach freisin is _____ é a shaibhríonn saol an mhic léinn agus a thugann léargas dó nó di ar cad atá i gceist le cultúr eile. Foghlaimíonn mic léinn scileanna _____, mar aon le tuiscint níos leithne ar chúrsaí sóisialta agus polaitiúla. Lena chois sin, tá ardmheas ag _____ ar an gclár, rud a thugann buntáiste do mhicléinn nuair a bhíonn siad _____.
1. Cad is ainm do chlár oideachais agus traenála an Aontais Eorpaigh? 2. Céard a chuireann sé ar chumas na mac léinn a dhéanamh? 3. Cé eile ar féidir leo tairbhe a bhaint as an gclár? 4. Luaigh dhá bhuntáiste a bhaineann le tréimhse a chaitheamh thar lear.