CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT An ghramadach i gcomhthéacs
Cothrom na Féinne
Saorbhriathar san Aimsir Gnáthláithreach Úsáidtear ‘tá’ + ‘á’ + ainm briathartha Mar shampla: Tá siad á scrios they are being destroyed Tá na haibhneacha á dtruailliú the rivers are being polluted Tá leatrom á dhéanamh ar dhaoine bochta poor people are being neglected
Tabhair faoi deara á dhéanamh = being done (nuair a bhíonn an t-ainmhí firinscneach) á déanamh = being done (nuair a bhíonn an t-ainmní baininscneach) á ndéanamh = being done (nuair a bhíonn an t-ainmní san iolra)
Tá faillí á déanamh ar an aos óg The youth are being ignored Tá éagóir á déanamh ar sheandaoine Old people are being unjustly treated Tá an timpeallacht (bain.) á truailliú The environment is being polluted Tá siad á marú féin leis an obair They are killing themselves with work Ná bí do do mharú féin Don’t be killing yourself
Ceacht Athraigh na habairtí seo mar is gá.
Mar shampla: Tá an abhainn (truailligh) ag bruscar è Tá an abhainn á truailliú le bruscar.
1. Tá an timpeallacht (scrios). 2. Tá sí (maraigh) féin leis an obair. 3. Tá faillí (déan) ar scoileanna ar fud na tíre. 4. Tá bruscar (caith) ar fud na háite. 5. Tá an t-ospidéal (dún). 6. Tá éagóir (déan) ar dhaoine i gceantair faoi mhíbhuntáiste. 7. Tá leatrom (déan) ar dhaoine bochta.