CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•LABHAIRT Aonad a Cúig Déag
Cúpla seanfhocal don aiste Seanfhocal
Ní lia duine ná tuairim Ní bhíonn in aon rud ach seal Ag tús na haicíde is fusa í a leigheas
Níl sprid ná púca nach bhfuil fios chúise aige
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn Ní mar a shíltear a bítear Ní neart go cur le chéile
Níl ann ach sop in áit na scuaibe De réir a chéile a thógtar an caisleán Is maith an scéalaí an aimsir
Ní fiú bheith ag seanchas nuair atá an anachain déanta
Ní thagann ciall roimh aois Briseann an dúchas trí shúile an chait. Míniú
Tá a thuairim féin ag gach duine Ní mhaireann aon rud go deo
Tá sé níos éasca fadhb a réiteach ag an tús. Tá cúis le gach rud
Ceapaimid go bhfuil áiteanna eile níos fearr Ní bhíonn rudaí I gcónaí mar a cheapaimid Má oibríonn daoine le chéile beidh siad láidir Ní leor é. Caithfear níos mó a dhéanamh Tógann sé am rudaí a dhéanamh
Beidh fhios againn sa todhchaí (Time will tell)
Ní fiú bheith ag caint nuair atá an dochar déanta
Bíonn daoine óga amaideach uaireanta Bíonn páistí cosúil lena dtuismitheoirí
Is fearr leath-bhuillín ná bheith gan arán Is fearr píosa beag ná bheith gan rud ar bith. Bailíonn brobh beart
Is fearr an tsláinte ná na táinte Filleann an feall ar an bhfeallaire Ní thuigeann an sách an seang
Píosa ar phíosa, is gearr go mbíonn go leor Tá sláinte níos fearr ná saibhreas
Karma, tagann rudaí timpeall, what goes around comes around
Ní thuigeann daoine saibhre daoine bochtaC Cineálacha scríbhneoireachta •FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
Is gnách ceist a chur faoin seánra nó faoin gcineál scríbhneoireachta a bhaineann le sliocht. Seo a leanas tábla ina léirítear na cineálacha éagsúla scríbhneoireachta atá ann agus an aidhm, an struchtúr agus na comharthaí sóirt a bhaineann le gach cineál. Nuair a bhíonn tú ag léamh sleachta, ba chóir duit a bheith ag smaoineamh i gcónaí ar cén sórt scríbhneoireachta atá i gceist. Nuair atá tú ag scríobh, freisin, ba chóir go mbeadh a fhios agat cén cineál scríbhneoireachta atá á scríobh agat.