Tá cúig cheist sa Bheannú: 1. Cad is ainm duit? 2. Cén aois thú? 3. Cén dáta breithe atá agat? (Cathain a rugadh tú?) 4. Cén seoladh atá agat? (Cá bhfuil tú i do chónaí?) 5. Cad í an scrúduimhir atá agat?
Iarrtar ort freisin páipéar a shíniú. Filíocht
Iarrtar ort dán amháin as na cúig dhán ainmnithe a léamh. Ní bheidh rogha agat. Piocfaidh an scrúdaitheoir an dán.
I gcás Mo Ghrá-sa (idir lúibíní), An tEarrach Thiar, agus An Spailpín Fánach ní bheidh ach dhá véarsa i gceist, ach roghnóidh an scrúdaitheoir an dá véarsa.
Bí cinnte go bhfuil na dánta ar eolas go maith agat. Bí cúramach leis an bhfoghraíocht: síneadh fada, séimhiú, urú.
Sraith Pictiúr
Tá na sraitheanna pictiúr ar fáil i leabhrán breise. Cleachtaigh go rialta iad agus bí cinnte go bhfuil siad ar eolas agat.
Bí cúramach le: Comhrá
Seicliosta: Seo a leanas na ceisteanna go léir a bhaineann le gach topaic. Bí cinnte go bhfuil freagraí ullmhaithe agat dóibh.
464 TUMADH TEANGA
Claoninsint: go/gur agus go bhfuil/nach bhfuil Réamhfhocail: aige/aici/acu; leis/léi/leo; srl