Foclóir béal dorais next door caoi ord/eagar order go baileach go díreach exactly deimheas shears/secateurs an uile rud gach rud fiántas fás fiáin wildness Ní fhoighníonn níl foighne aici le she has no patience with galar tinneas disease smál locht blot, stain féileacán bán white butterfly ní maith le garraíodóirí é mar itheann an bolb (caterpillar) cabáiste piast worm ag piastáil squirming ligfeadh a phiotail ar lár that would let its petals drop feochadáin thistle seeds mo sheilidí my snails de sciuird oíche on nightime raids driseacha briars faoi bhfál under the wall mo chaorthainnse my rowan tree cuileanna glasa a thál supplies greenflies faoi smacht under control ní fada go mbainfimid deireadh dúil dá misneach we’ll put a stop to her efforts (we’ll make her lose heart)
Leagan próis
Tá bean ina cónaí sa teach taobh liom a choimeádann a teach, a fear céile agus a mac néata, slachtmhar
agus a dhéanann iarracht a gairdín a choimeád slachtmhar freisin, mar iad. Gearrann sí le deimheas gach rud a fhásann. Ní maith léi aon rud fiáin.
Níl aon fhoighne aici le haicíd, le haon rud lochtach ná leis an bhféileacán bán ná leis an bpéist a bhíonn ag lúbarnaigh. Agus ní maith léi blátha a ligeann dá bpiotail titim ar an talamh.
Seolaimse síol feochadáin isteach ina gairdín leis an ngaoth. Téann mo sheilidí, i rith na hoíche, isteach ina gairdín chun a leitís a ithe. Fásann géaga na ndriseacha i mo ghairdín faoin mballa isteach ina gairdín siúd, agus cuireann mo chrann caorthainnse cuileanna glasa ar fáil ar a féar.
Tá bean sa teach taobh liom a choimeádfadh a gáirdín faoina smacht ach cuirfimidne lagmhisneach uirthi gan mhoill.