siombail eile dá shaibhreas, ‘Hata faoi bhanda / Bróg chaol ghallda / Is culaith den abhras / A sníomhthaí thall’. Déantar tagairt dá chlaíomh ‘claíomh cinn airgid,’ rud eile a léirigh a shaibhre a bhí sé. An choir is mó a rinne Art ná gur thaispeáin sé a shaibhreas don saol go hoscailte, neamheaglach.
Is cinnte gur dán grá an-phearsanta é séo, ach freisin tugann sé léargas fíor- shuimiúil dúinn ar an saol in Éirinn san ochtú aois déag.
Ceisteanna scrúdaithe
1. Scríobh nóta ar éifeacht na húsáide a bhaintear as na teicníochtaí seo a leanas: íomhánna, athrá, friotal, meadaracht, siombailí.
2. Cad iad na mothúcháin is láidre atá le brath sa dán seo? Conas mar a chuireann an file iad in iúl dúinn?
3. Déan trácht ar thréithe an chaointe atá le sonrú sa dán seo. 4. Déan cur síos ar an léiriú a fhaighimid ar Art Ó Laoghaire agus ar an bhfile, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill sa dán seo, ag úsáid fianaise ón dán. 5. Déan trácht ar an gcaoi a chuaigh an dán seo i bhfeidhm ort.