•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a hAon Déag Éirí Amach 1798
Theip ar an Éirí Amach de bharr easpa eagair agus scil mhíleata. Sheas ógánaigh bhochta Éireannacha (na ‘croppies’) – gan d'airm acu ach na pící a d'úsáid siad don obair feirme a bhíodh ar siúl acu (féach lth 346) – an fód in aghaidh na ngunnaí móra a bhí ag arm profaisiúnta Shasana.
Cé go raibh Caitlicigh agus Protastúnaigh áirithe aontaithe sa réabhlóid, rinne Sasana iarracht iad a dheighilt agus sa bholscaireacht a lean an tÉirí Amach, dúradh gurb iad na 'Pápaigh' ba chúis leis. San amhrán clúiteach dílseach 'Croppies Lie Down' caitear dímheas ar na 'croppies’.
Theobold Wolfe Tone
Bhunaigh sé na hÉireannaigh Aontaithe i gcomhar le Napper Tandy agus Thomas Russell i 1791 chun Caitlicigh agus Protastúnaigh a aontú in aghaidh rialtas na Breataine.
Cleachtadh taighde Déan taighde ar an tréimhse seo agus faigh eolas ar an Éirí Amach i 1798.
Ceisteanna 1. Cén fáth nach raibh aon obair ag na filí? 2. Cad é ‘spailpín’? 3. Cad iad na Péindlíthe? 4. Cathain a scríobhadh an dán seo? 5. Cé a bhunaigh na hÉireannaigh Aontaithe? Cén aidhm a bhí acu? 6. Cathain a tharla an tÉirí Amach? Ar éirigh leis? Cad é an toradh a bhí air? 7. Cad is ciall le ‘croppy’?