An ghráin, an tsaint, agus an dímheas na mothúcháin is láidre sa sliocht seo. Is léir go bhfuil an ghráin ag an údar ar an bhfear beag suarach a dhéanann iarracht cleas a imirt air. Léiríonn sé a dhímheas air sa chur síos a dhéanann sé air, agus sna hainmneacha maslacha a thugann sé air. Léiríonn an fear beag saint. Caitheann sé siar na deochanna a cheannaíonn an t-údar dó go santach agus déanann sé iarracht airgead a ghoid ón údar. Léiríonn Ang Wong Chuu meas agus cion ar an údar nuair a thugann sé rabhadh dó faoin bhfear. Léiríonn sé seo freisin gur daoine macánta iad an chosmhuintir agus gur eisceacht é an fear beag ramhar.
Ceisteanna 1. Faigh samplaí ón sliocht a léiríonn dímheas an údair ar an bhfear. 2. Scríobh nóta ar an tslí ina léirítear téama an tsleachta seo.
Codarsnacht
Tá codarsnacht idir mímhacántacht an fhir bhig agus macántacht Ang Wong Chuu agus bhean an tí. Tá codarsnacht freisin idir smaointe inmheánacha an údair agus a iompar. Cuireann sé seo leis an ngreann go mbíonn sé ag cur i gcéill go gcreideann sé an fear, ach ag an am céanna, ag insint don léitheoir cad a cheapann sé i ndáiríre.
Léargas
Faighimid léargas anseo ar an saol i Neipeal. Tuigtear dúinn gur eisceacht é an fear beag ramhar agus go bhfuil formhór na ndaoine macánta, ionraic, cosúil le Ang Wong Chuu agus bean an tí. Léirítear an cultúr ansin sa chaoi ina ligeann bean an tí don fhear atá gaolta léi fanacht ina teach cé nach bhfuil aon chion aici air. Músclaítear trua don fhear beag ar deireadh nuair a thuigimid go bhfuil mórán fadhbanna aige. Mar sin féin, is léir nach duine deas é agus ní bhraitheann an t-údar ná an léitheoir go dona gur cuireadh dallamullóg air. Mar a deir an seanfhocal, filleann an feall ar an bhfeallaire!