Athscríobh na habairtí seo leis an leagan ceart den bhriathar. 1. Má thiomáineann daoine níos moille, (laghdaigh) ar líon na dtimpistí. 2. Mura (déan) rud éigin faoin scéal (maraigh) níos mó daoine. 3. (Cuir) an dlí ar aon duine a chaitheann bruscar go neamhdhleathach. 4. (Gabh) fear inné agus (cúisigh) é as mangaireacht drugaí 5. (Cruthaigh) atmaisféar bagrach sa dara véarsa den dán.
6. (Déan) faillí ar cheantair áirithe, níor (cuir) áiseanna ar fáil do mhuintir an cheantair agus tá fadhbanna móra sóisialta iontu anois dá bharr.
7. Dá (cuir) níos mó béime ar scileanna sóisialta agus pearsanta ar scoil, bheadh níos mó féinmhuiníne ag déagóirí.
8. Ní mar a (síl) a (bí). 9. (Ceap) go mbeidh an bua ag Sasana sa chomórtas seo.
10. (Faigh) corp fir tráthnóna inné ar an Trá Bhán. 11. (Scrios) an t-ózón. 12. Dá (athraigh) na rialacha bheadh sé níos fearr. 13. (Oscail) siopa nua sa bhaile Dé Sathairn seo chugainn. 14. (Beir) agus (tóg) é ar oileáin Árann. 15. (Gortaigh) na mílte duine go dona ar na bóithre gach bliain.
•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT• (Féach ‘An Chopail’ do chaint indíreach le ‘Is’ agus ‘Tá’)
4. An Chaint Indíreach
An Aimsir Láithreach Cuirtear ‘go’ (that) + urú leis an mbriathar (+ ‘n-’ le guta) Úsáidtear ‘nach’ + urú (+ ‘n-’ le guta) san fhoirm dhiúltach
Caint dhíreach Téann sé. (he goes)
Imríonn sé. Ní chaitear. Ní íslíonn.
Caint indíreach
Deir sé go dtéann sé. (He says that he goes)
Ceapaim go n-imríonn sé. Is léir nach gcaitear.
Is dócha nach n-íslíonn. 14 ARDTEISTIMÉIREACHT ARDLEIBHÉAL GAEILGE 427