• Bhí pearsantacht tharraingteach aige agus bhí sé dathúil. Thug Niamh grá dó, ón méid a chuala sí ‘fána phearsa agus fána mhéin.’
• Bhí sé láidir: Thug Niamh ‘Oisín meanmach na dtréanlámh’ air.
• Bhí cumhachtaí osnádúrtha aige. D’ardaigh sé cloch nach bhféadfadh 300 fear ardú.
• Bhí sé cineálta, carthannach, cabhrach. Chabhraigh sé leis na fir i nGleann na Smól. Tháinig sé i gcabhair ar Iníon Rí na mBeo.
• Bhí sé cróga, cúirtéiseach. Throid sé in aghaidh Fómhar Builleach agus • scaoil sé saor iníon Rí na mBeo. • Bhí sé grámhar, dílis. Cé go raibh grá aige do Niamh, bhí an-ghrá aige dá athair Fionn freisin agus bhí sé brónach ag fágáil sláin aige. Tar éis blianta i dTír na nÓg, shocraigh sé dul ar ais go hÉirinn chun Fionn a fheiceáil.
Nuair a d’athraigh sé ina sheanfhear:
• Bhí sé gruama, uaigneach. Bhí cumha air i ndiaidh na Féinne. D’ith sé a bhéile ina aonar.
• Mar sin féin, ghlac sé le cuireadh Naomh Pádraig dul leis timpeall na hÉireann agus a sheanchas a roinnt leis. Bhí grá aige d'Éirinn.