A. An aeráid, téamh domhanda agus an aimsir Éist le hÉanna Ní Lamhna ag míniú téamh domhanda agus freagair na ceisteanna.
1. Cad faoi a mbíonn muintir na hÉireann ag caint i gcónaí?
2. Cad atá ag tarlú leis an aimsir? Cén toradh atá air seo?
3. Cén fáth a bhfuil an aeráid ag athrú? Tabhair dhá chúis.
4. Cad a choimeádann greim ar an teas san atmaisféar?
5. Cén fáth a bhfuil an iomarca dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar?
6. Luaigh dhá rud a d'fhéadfaí a dhéanamh chun an ráta dé-ocsaíd charbóin san aer a laghdú. 7. Cén fáth a ndeir Éanna gur amadáin sinn?
Mír 12.3 T49
B. An timpeallacht agus glaseolaíocht Éist le Mary Murphy as www.change.ie. 1. Cad é ‘change’? 2. Cad é cuspóir an fheachtais? 3. Cad eile atá déanta acu leis an suíomh idirlín? 4. Cad é aidhm an fheachtais?
5. Cén tír a tháirgeann an méid is mó astaíochtaí san Eoraip?
6. Conas is féidir do lorg carbóin a laghdú? 7. Cé mhéad duine atá tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh?
8. Cé mhéad duine a d’aimsigh a lorg carbóin?
Cleachtadh taighde Tabhair cuairt ar an suíomh idirlín agus faigh amach céard é do lorg carbóin agus déan cur i láthair ranga mar gheall air.
C. Clár faoin bhfuinneamh
Mír 12.4 T50
Éist leis na daltaí seo ag labhairt faoi fhuinneamh in-athnuaite. 1. Cén fáth nach n-úsáidimid fuinneamh in-athnuaite, dar le dalta amháin? 2. Cad ba chóir gearradh siar air, dar leo? 3. An ndéanfadh sé aon difríocht, dar leo? 4. Cén fáth nach féidir le dalta amháin siúl ar scoil?