CAINT•LITRÍOCHT•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Ceathair Déag •FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•
3. An Saorbhriathar Cad é?
Seo nuair a bhíonn an briathar ‘saor’ ó phearsa, is é sin ‘saor’ ó mé, tú, sé, sí, muid, sibh, siad. Nuair nach dteastaíonn uait a rá cé a rinne rud, nó nuair nach fios cé a rinne gníomh:
Gortaíodh an buachaill: the boy was hurt Goideadh an carr: the car was stolen I mBéarla tugtar the passive form air: when an action is done to something:
he was killed maraíodh é; he was born rugadh é; the shop will be opened osclófar an siopa