Bunaíodh RTÉ Raidió na Gaeltachta le seirbhís iomlán raidió a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre. Tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair ag 3pm, Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Sna blianta tosaigh ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig gach tráthnóna agus é sin féin sna ceantair Ghaeltachta amháin, ach de réir a chéile tháinig fás agus forbairt ar an gcraoladh agus ar réimse clár na seirbhíse.
Faigh agus foghlaim Faigh agus foghlaim focail a chiallaíonn:
cuireadh ar bun é muintir
daoine a labhraíonn Gaeilge Cleachtadh scríofa
sa chéad cúpla bliain diaidh ar ndiaidh tháinig méadú ar
Líon na bearnaí sna habairtí seo a leanas. 1. Cuirtear cláracha ____ fáil ___ phobal na _______. 2. De _____ a chéile ______ fás ar an ________ clár ar an stáisiún. 3. ____ blianta tosaigh ní __________ mórán clár.
Ceisteanna 1. Cé hiad sprioclucht éisteachta Raidió na Gaeltachta? 2. Cathain a tháinig an stáisiún ar an aer den chéad uair? 3. Cén t-athrú a tháinig ar an stáisiún de réir a chéile? 4. ‘Ní chraoltaí ach cúpla uair an chloig…’ Cén aimsir é seo? (Féach lth 426)
5. Faigh 4 shampla den Tuiseal Ginideach in Alt 1. An bhfuil na focail baininscneach nó firinscneach?