Sa sliocht seo déantar cur síos ar Lisín, máthair Ruáin. Faighimid roinnt eolais faoi Ruán, Pól (athair Ruáin), Eibhlín, máthair Emma Ní Loingsigh, agus an tUasal Mac Gabhann, comharsa. Féach ar na tréithe seo a leanas. Pioc cinn a oireann do phearsa amháin, agus tabhair sampla a léiríonn an tréith sin sa phearsa sin:
Eochairfhocail na gcarachtair uaillmhianach iomaíoch bródúil néata
Tabhair faoi deara! Is féidir: ‘Tá sí/sé néata’ nó ‘Is duine néata í/é’ a rá (lth 6) Bain úsáid as an dá leagan.
Mar shampla:
Is léir go bhfuil sí néata/Feicimid gur duine eolach é/í. Le gach tréith tabhair sampla ón téacs a léiríonn an tréith sin: Tréith è Fianaise è líne ón téacs
Mar shampla: (Tréith) Tá Lisín bródúil as a teach. (Fianaise) Tá gach rud in ord ann. (Líne ón téacs) tá sé ‘néata agus álainn’.