Is iad na daoine is mó a bhíonn i mbaol bochtaineachta ná: mná, leanaí, daoine aosta, tuismitheoirí aonair, daoine a fhágann an scoil go luath, daoine faoi mhíchumas, an lucht siúil, daoine dífhostaithe, feirmeoirí beaga, imircigh agus grúpaí eitneacha mionlaigh, coirpigh agus iar-choirpigh, daoine le meabharghalar, daoine gan cháilíochtaí.
Is grúpaí an-leochaileacha (lag, vulnerable) iad na daoine fíorbhochta, mar shampla, daoine gan dídean.
Ceisteanna 1. Mínigh an fáinne fí a choinníonn daoine bocht. 2. Conas is féidir an bhochtaineacht a sheachaint?
3. Céard iad na hinstitiúidí éagsúla a mbíonn tionchar acu ar dháileadh na n-acmhainní?
4. Tabhair trí chúis go mbeadh daoine faoi bhochtaineacht. 5. Mínigh conas a bhíonn daoine faoi bhochtaineacht dá bharr. 6. Mínigh cad is eisiamh sóisialta ann. 7. Roghnaigh trí ghrúpa a bhíonn i mbaol bochtaineachta agus mínigh cén fáth. 8. Cén cineál scríbhneoireachta atá sa sliocht seo? Tabhair na comharthaí sóirt a bhaineann leis an gcineál sin scríbhneoireachta (Féach lth 452).