•FOGHRAÍOCHT•AISTE•TUISCINT•ALT•LABHAIRT Aonad a Sé
Cúrsaí gailf anois agus is é Simon Dyson Shasana a bhuaigh craobh Links Alfred Dunhill i St. Andrews na hAlban inniu. É sin ag fágáil leithéidí Rory McIlroy Thuaisceart Éireann agus Luke Donald go mór faoina scáil.
Luke Donald a bhí chun cinn ar Rory McIlroy Thuaisceart Éireann tús na himeartha, agus cé gur éirigh le fear óg na hÉireann dul chun cinn réasúnta a dhéanamh, é ag aimsiú éinín ar an tríú, ar an gcúigiú, ar an seachtú agus ar an naoú poll chun é a thabhairt chuig ocht déag faoin bpar, d’éalaigh ceann de na buillí sin arís uaidh, áfach, ar an dara poll déag agus ceann eile lena chois sin ar an seachtú bpoll déag. Tharraing sé an buille úd sin ar ais áfach ar an bpoll deireanach le sroicheadh seacht mbuille dhéag faoin bpar. Scór maith i gcónaí.
Faigh agus foghlaim
1. Faigh agus foghlaim focail sa téacs seo a chiallaíonn: grúpa daoine ag imirt le chéile tá an seans ann go d’aon ghnó in aghaidh
chomh maith leis sin
sa chomórtas ag baint amach comórtas
chun tosaigh ar á eagrú
2. Faigh samplaí den Aimsir Fháistineach agus den saorbhriathar sa sliocht.
3. Cén spórt a imríonn tusa? Faigh an foclóir is gá don spórt sin ar www.focal.ie agus úsáid na nathanna seo a leanas:
preabchúl drop goal clibirt scrum úd try as cóir offside síneadh amach line out cic pionóis penalty
Deis comhrá
Éist le tuairisc spóirt an lae ar TG4 nó Raidió na Gaeltachta agus faigh torthaí an lae agus inis don rang iad.
202 TUMADH TEANGA
taicleáil tackle tosaigh forward cúlaí back lár páirce midfield cúl báire goalkeeper bréitse breach
riabhóg/éinín birdie bógaí bogey cis handicap poll faoin bpár under par