Aonad a Dó Dhéag Ceapadóireacht: alt nuachtáin/irise
Scríobh alt ar gach cúis, an toradh atá leis agus an réiteach. Cúis amháin atá le truailliú ná dó breosla iontaise ar nós ola, gáis agus guail. Gach lá dóitear ola i gcarranna, i dtithe agus i monarchana. Nuair a dhóitear breosla iontaise, scaoiltear carbón san aer. Is é an toradh atá leis seo ná téamh domhanda. Truaillítear an t-aer chomh maith. De bharr téamh domhanda tá athrú aeráide ann agus ciallaíonn sé sin go bhfuil méadú ar thuilte, ar thriomach agus ar stoirmeacha ar fud na cruinne. Is é an réiteach atá ar an scéal ná fuinneamh glan a úsáid – is é sin fuinneamh nach dtruaillíonn an timpeallacht. Ba chóir stop a chur le húsáid breosla iontaise agus ba chóir fuinneamh glan a fhorbairt.
Cleachtadh ceapadóireachta
Anois smaoinigh ar bhealaí go bhféadfaí fuinneamh glan a fhorbairt. Féach ar an dá léamhthuiscint, mar shampla. Ansin scríobh cúpla rud a d'fhéadfaí a dhéanamh, mar shampla, d’fhéadfaí carranna hidrigine a úsáid. Cad eile a d’fhéadfaí a dhéanamh?